search


Regolamento art MICAR sulle crypto testo multilingue 2023/1114 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/1114 GA Art. 3 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
Index & defs


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 482

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ nó ‘DLT’ teicneolaíocht lena gcumasaítear oibriú agus úsáid mórleabhar dáilte;

(2)

ciallaíonn ‘mórleabhar dáilte’ taisclann faisnéise ina gcoimeádtar taifid ar idirbhearta agus a chomhroinntear ar fud tacar de nóid líonra DLT agus a shioncrónaítear idir nóid líonra DLT, agus úsáid á baint as sásra comhthola;

(3)

ciallaíonn ‘sásra comhthola’ rialacha agus nósanna imeachta trína mbaintear amach comhaontú, i measc nóid líonra DLT, go ndéantar idirbheart a bhailíochtú;

(4)

ciallaíonn ‘nód líonra DLT’ gaireas nó próiseas ar cuid de líonra é agus ina bhfuil macasamhail iomlán nó pháirteach de thaifid de na hidirbhearta uile i dtaca le teicneolaíocht mórleabhair dáilte;

(5)

ciallaíonn ‘cripteashócmhainn’ léiriú digiteach ar luach nó ar cheart ar féidir é a aistriú agus a stóráil go leictreonach trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht den chineál céanna;

(6)

ciallaíonn ‘comhartha sócmhainn-tagartha’ cineál cripteashócmhainne nach comhartha ríomh-airgid é agus a airbheartaíonn luach cobhsaí a choimeád trí thagairt a dhéanamh do luach nó ceart eile nó teaglaim díobh, lena n-áirítear airgeadra oifigiúil amháinníos mó;

(7)

ciallaíonn ‘comhartha ríomh-airgid’ cineál cripteashócmhainne a airbheartaíonn luach cobhsaí a choimeád trí thagairt a dhéanamh do luach airgeadra oifigiúil amháin;

(8)

ciallaíonn ‘airgeadra oifigiúil’ airgeadra oifigiúil tíre a eisíonn banc ceannais nó údarás eile airgeadaíochta;

(9)

ciallaíonn ‘comhartha fóntais’ cineál cripteashócmhainne nach bhfuil beartaithe leis ach rochtain a thabhairt ar earra nó ar sheirbhís a sholáthraíonn a eisitheoir;

(10)

ciallaíonn ‘eisitheoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó gnóthas eile, a eisíonn cripteashócmhainní;

(11)

ciallaíonn ‘eisitheoir is iarratasóir’ eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagarthacomharthaí ríomh-airgid a dhéanann iarratas ar údarú chun na cripteashócmhainní sin a thairiscint don phobal nó a iarrann go ligfí isteach iad chun a dtrádála;

(12)

ciallaíonn ‘tairiscint don phobal’ teachtaireacht a thugtar do dhaoine i bhfoirm ar bith, nó ar aon mhodh, ina gcuirtear faisnéis leordhóthanach i láthair faoi théarmaí na tairisceana agus faoi na cripteashócmhainní atá le tairiscint chun cur ar chumas infheisteoirí ionchasacha cinneadh a dhéanamh an gceannóidh siad na cripteashócmhainní sin;

(13)

ciallaíonn ‘tairgeoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, nó gnóthas eile, nó an t-eisitheoir, a thairgeann cripteashócmhainní don phobal;

(14)

ciallaíonn ‘cistí’ cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366;

(15)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainníduine dlítheanach nó gnóthas eile arb é an ghairm bheatha nó an gnó atá aige seirbhís cripteashócmhainní amháinníos mó a sholáthar do chliaint ar bhonn gairmiúil, agus a cheadaítear dó seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 59;

(16)

ciallaíonn ‘seirbhís cripteashócmhainní’ aon cheann de na seirbhísí agus gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le haon chripteashócmhainn:

(a)

cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

(b)

ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú;

(c)

cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí;

(d)

cripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile;

(e)

orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(f)

cripteashócmhainní a láithriú;

(g)

orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a ghlacadh agus a tharchur thar ceann cliant;

(h)

comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní;

(i)

bainistiú punainne a sholáthar maidir le cripteashócmhainní;

(j)

seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant;

(17)

ciallaíonn ‘cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliantcripteashócmhainní a shlánchoimeád nó a rialú thar ceann cliant nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin, i gcás inarb infheidhme i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;

(18)

ciallaíonn ‘ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú’ córas iltaobhach amháinníos mó a bhainistiú, a thugann le chéile roinnt leasanna ceannacháin agus díolacháin tríú páirtí i gcripteashócmhainní nó a dhéanann éascú ar leasanna den sórt sin, laistigh den chóras agus i gcomhréir le rialacha an chórais, ar bhealach a mbíonn conradh ann dá bharr, trí chripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó trí chripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile;

(19)

ciallaíonn ‘cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí’ conarthaí ceannacháin nó díolacháin a bhaineann le cripteashócmhainní a thabhairt i gcrích le cliaint i gcoinne cistí trí úsáid a bhaint as caipiteal dílsithe;

(20)

ciallaíonn ‘cripteashócmhainní a mhalartú ar chripteashócmhainní eile’ conarthaí ceannacháin nó díolacháin a bhaineann le cripteashócmhainní a thabhairt i gcrích le cliaint i gcoinne cripteashócmhainní eile trí úsáid a bhaint as caipiteal dílsithe;

(21)

ciallaíonn ‘orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant’ comhaontuithe a thabhairt i gcrích, thar ceann cliant, chun cripteashócmhainn amháinníos mó a cheannach nó a dhíol nó suibscríobh le haghaidh cripteashócmhainn amháinníosthar ceann cliant, agus áirítear leis conarthaí a thabhairt i gcrích chun cripteashócmhainní a dhíol tráth a dtairgtear iad don phobal nó a ligtear isteach iad chun a dtrádála;

(22)

ciallaíonn ‘cripteashócmhainní a láithriú’ cripteashócmhainní a mhargú, thar ceann an tairgeora nó páirtí a bhaineann leis an tairgeoir nó i gcomhair chuntas an tairgeora nó i gcomhair cuntas páirtí a bhaineann leis an tairgeoir, le ceannaitheoirí;

(23)

ciallaíonn ‘orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a ghlacadh agus a tharchur thar ceann cliant’ ordú a fháil ó dhuine chun cripteashócmhainn amháinníos mó a cheannach nó a dhíol nó suibscríobh le haghaidh cripteashócmhainn amháinníosagus an t-ordú sin a tharchur chuig tríú páirtí lena fhorghníomhú;

(24)

ciallaíonn ‘comhairle a thabhairt maidir le cripteashócmhainní’ moltaí pearsantaithe a thairiscint nó a thabhairt do chliant, nó comhaontú ar mholtaí pearsantaithe a thabhairt do chliant, arna iarraidh sin don chliant nó ar thionscnamh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn an chomhairle, i dtaca le hidirbheart amháinníos mó a bhaineann le cripteashócmhainn, nó seirbhísí cripteashócmhainní a úsáid;

(25)

ciallaíonn ‘bainistiú punainne cripteashócmhainní a sholáthar’ punanna a bhainistiú i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag cliaint ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin cripteashócmhainn amháinníos mó;

(26)

ciallaíonn ‘ seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliantseirbhísí a sholáthar arb é atá iontu cripteashócmhainní a aistriú, thar ceann duine nádúrtha nó dlítheanach, ó sheoladh nó cuntas mórleabhair dháilte amháin go ceann eile;

(27)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht nó comhlachtaí eisitheora, tairgeoraduine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó comhlacht nó comhlachtaí soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a chumhachtaítear chun straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta san eintiteas agus áirítear ann nó iontu na daoine a stiúrann gnó an eintitis go héifeachtach;

(28)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE;

(29)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE;

(30)

ciallaíonn ‘infheisteoirí cáilithe’ daoine nó eintitis atá liostaithe i Roinn I, pointí (1) go (4), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(31)

ciallaíonn ‘dlúthbhaint’ dlúthbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (35), de Threoir 2014/65/AE;

(32)

ciallaíonn ‘cúlchiste sócmhainní’ an bascaed cúlsócmhainní lena n-urraítear an t-éileamh i gcoinne an eisitheora;

(33)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’:

(a)

i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe nó a bhrainse san Aontas ag an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagarthacomharthaí ríomh-airgid, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an tairgeoir sin nó an duine sin;

(b)

i gcás nach bhfuil aon oifig chláraithe san Aontas ag an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagarthacomharthaí ríomh-airgid, ach go bhfuil brainse amháinníosaige san Aontas, an Ballstát a roghnaigh an tairgeoir sin nó an duine sin as measc na mBallstát ina bhfuil brainsí aige;

(c)

i gcás ina bhfuil an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagarthacomharthaí ríomh-airgid, bunaithe i dtríú tír agus nach bhfuil aon bhrainse aige san Aontas, an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na cripteashócmhainní a thairiscint don phobal den chéad uair nó, ar rogha an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, an Ballstát ina ndéantar an chéad iarraidh ar na cripteashócmhainní sin a ligean isteach chun a dtrádála;

(d)

i gcás eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha;

(e)

i gcás eisitheoir comharthaí ríomh-airgid, an Ballstát ina bhfuil an t-eisitheoir comharthaí ríomh-airgid údaraithe mar institiúid creidmheasa faoi Threoir 2013/36/AE nó mar institiúid ríomh-airgid faoi Threoir 2009/110/CE;

(f)

i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(34)

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina ndearna tairgeoirduine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní nó ina bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó ina soláthraíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní, i gcás ina bhfuil sé sin difriúil ón mBallstát baile;

(35)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás amháinníos mó:

(a)

arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 93 a bhaineann le tairgeoirí, daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

(b)

arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun Treoir 2009/110/CE a chur i bhfeidhm a bhaineann le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid;

(36)

ciallaíonn ‘sealúchas cáilitheach’ sealúchas díreach nó indíreach ar bith in eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní arb ionann é agus 10 % ar a laghad den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), faoi seach, agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de a leagtar amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an tairgeora comharthaí sócmhainn-tagartha nó ar bhainistiú an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;

(37)

ciallaíonn ‘sealbhóir miondíola’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch nach mbaineann le gnó, gnólacht, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(38)

ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn tairgeoirsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do shealbhóirí cripteashócmhainní ar a gcripteashócmhainní agus chun rochtain a thabhairt do chliaint ar sheirbhísí cripteashócmhainní;

(39)

ciallaíonn ‘cliant’ aon duine nádúrtha nó dlítheanachsoláthraíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní;

(40)

ciallaíonn ‘trádáil bunairgid mheaitseáilte’ trádáil bhunairgid mheaitseáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (38), de Threoir 2014/65/AE;

(41)

ciallaíonn ‘seirbhísí íocaíochta’ seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Threoir (AE) 2015/2366;

(42)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí íocaíochta’ soláthraí seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366;

(43)

ciallaíonn ‘institiúid ríomh-airgid’ institiúid ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE;

(44)

ciallaíonn ‘ríomh-airgead’ ríomh-airgead mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE;

(45)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(46)

ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta’ institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366;

(47)

ciallaíonn ‘cuideachta bainistíochta GCUI’ cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(48)

ciallaíonn ‘bainisteoir cistí infheistíochta malartacha’ BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(49)

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE;

(50)

ciallaíonn ‘taisce’ taisce mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir 2014/49/AE;

(51)

ciallaíonn ‘taisce struchtúraithe"taisce struchtúraithe’ taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (43), de Threoir 2014/65/AE.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 139 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí teicniúla de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, agus chun na sainmhínithe sin a chur in oiriúint d’fhorbairtí an mhargaidh agus d’fhorbairtí teicneolaíochta.

TEIDEAL II

CRIPTEASHÓCMHAINNÍ SEACHAS COMHARTHAÍ SÓCMHAINN-TAGARTHA NÓ COMHARTHAÍ RÍOMH-AIRGID


whereas
Uno dei temi trattati:
"La blockchain è lo strumento per gestire transazioni sicure tra sconosciuti"